D'imigh Tóibias amach ar lorg duine éigin a rachadh chun na Méide in éineacht leis agus a raibh eolas na slí aige. Chomh luath agus a tháinig sé amach fuair sé an t‑aingeal Rafael os a chomhair. Ní raibh a fhios aige, áfach, gurbh aingeal Dé é