Gach uile lá de mo shaol shiúil mise, Tóibít, de réir bealaí na fírinne agus na fíréantachta. Is iomaí déirc a thug mé do mo ghaolta agus do mo chomhthírigh a chuaigh ina gcimí cogaidh in éineacht liom go Nínivé, cathair atá san Asaír.