Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 1:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa leabhar seo insítear scéal Thóibít, mac Thóibiéil, mac Mhahainiéil, mac Adúéil, mac Ghabael, mac Rafael, mac Ragúéil, de shliocht Aisiéil, de threibh Naftáilí.

2. In aimsir Shalmanasar, rí na nAsaíreach, díbríodh ina chime cogaidh é ó Thisbé, áit atá ar an taobh theas de Cheidis Naftáilí sa Ghailíl Uachtarach, siar ó thuaidh ó Hazór agus lastuaidh de Pheor.

3. Gach uile lá de mo shaol shiúil mise, Tóibít, de réir bealaí na fírinne agus na fíréantachta. Is iomaí déirc a thug mé do mo ghaolta agus do mo chomhthírigh a chuaigh ina gcimí cogaidh in éineacht liom go Nínivé, cathair atá san Asaír.

4. Nuair a bhí mé i mo thír féin, Iosrael, agus mé i m'fhear óg fós, scar treibh iomlán mo shinsir Naftáilí le ríshliocht Dháiví agus le Iarúsailéim. Mar sin féin b'í sin an chathair a ndearnadh rogha di as treibheanna uile Iosrael chun gurbh inti amháin a d'ofrálfadh na treibheanna go léir íobairtí; is inti a coisriceadh an Teampall, áit chónaithe an té is Airde, a tógadh d'fhonn go seasfadh sé ó ghlúin go glúin go brách.

5. Ach d'ofráladh mo ghaolta uile mar aon le teaghlach mo shinsir Naftáilí íobairtí don lao úd, a rinne Iarobám, rí Iosrael, i nDán, ar shléibhte uile na Gailíle.

6. I dtaca liom féin de, théinn go minic i m'aonar go dtí Iarúsailéim ar na féilte faoi mar atá sé leagtha amach d'Iosrael go léir i reacht síoraí. Bhrostaínn liom go dtí Iarúsailéim le céadtorthaí na talún agus an tréada mar aon le deachú an eallaigh agus le céadlomadh na gcaorach.

7. Thugainn iad do na sagairt de shliocht Árón le haghaidh na haltóra agus bhronnainn deachúna an fhíona agus an arbhair agus na hola olóige agus na bpomagránaití agus na dtorthaí eile ar na Léivítigh a bhíodh ag freastal in Iarúsailéim. Ar feadh sé bliana mhalartaínn an dara deachú ar airgead agus d'imínn go dtí Iarúsailéim in aghaidh na bliana chun é a dháileadh amach.

8. Thugainn é do na dílleachtaí agus do na baintreacha agus do na hiompaithigh a chónaíodh i measc na nIosraelach; is amhlaidh a bheirinn liom é gach tríú bliain chun é a roinnt orthu. Bhíodh cóisir againn ansin de réir an reachta atá leagtha amach i ndlí Mhaois agus de réir na n‑aitheanta a thug Deabórá, máthair ár seanathar Hanainiéil, dúinn; óir cailleadh m'athair agus fágadh i mo dhílleachta mé.

9. Nuair a tháinig mé in aois fir, phós mé bean dár gcine féin darbh ainm Anna; rug sí mac dom agus thug mé Tóibias mar ainm air.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 1