Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tóibít 1:4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Nuair a bhí mé i mo thír féin, Iosrael, agus mé i m'fhear óg fós, scar treibh iomlán mo shinsir Naftáilí le ríshliocht Dháiví agus le Iarúsailéim. Mar sin féin b'í sin an chathair a ndearnadh rogha di as treibheanna uile Iosrael chun gurbh inti amháin a d'ofrálfadh na treibheanna go léir íobairtí; is inti a coisriceadh an Teampall, áit chónaithe an té is Airde, a tógadh d'fhonn go seasfadh sé ó ghlúin go glúin go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Tóibít 1

Féach ar Tóibít 1:4 i gcomhthéacs