Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 103:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11. Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12. Ní faide an t‑oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13. Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

14. Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinnagus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

15. Is cosúil ré an duine le féar;bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.

16. Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,agus ní fios dá ionad féin é feasta.

17. Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraídon dream ar a mbíonn a eagla,

18. agus a fhíréantacht do chlann a gclainnenuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,agus go ndéanann siad de réir a thola.

19. Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.

20. Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarnaa dhéanann a réir go cumasach,agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.

21. Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

22. Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarnai ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.Beannaigh an Tiarna, a anam liom.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 103