10. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.
11. Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.
12. Ní faide an t‑oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
13. Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
14. Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinnagus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.
15. Is cosúil ré an duine le féar;bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.
16. Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,agus ní fios dá ionad féin é feasta.
17. Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraídon dream ar a mbíonn a eagla,
18. agus a fhíréantacht do chlann a gclainnenuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,agus go ndéanann siad de réir a thola.
19. Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.