Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 103:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Salm le] Dáiví. 1 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.

2. Beannaigh an Tiarna, a anam liom;ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.

3. Maitheann sé do chionta go léir duit;agus leigheasann sé d'easláintí uile.

4. Fuasclaíonn sé d'anam ón uaigh;corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.

5. Líonann sé do shaol le nithe fónta;déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

6. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.

7. Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.

8. Is grámhar trócaireach é an Tiarna,foighneach agus lán de cheansacht.

9. Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.

10. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11. Óir ní airde neamh os cionn talaimhná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12. Ní faide an t‑oirthear ón iartharná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13. Amhail is trua leis an athair a chlann,is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 103