Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nahúm 1 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Teideal

1. Oracal i dtaobh Nínivé. Leabhar fhís Nahúm, an tEalcóiseach.

Réamhrá

Fearg an Tiarna

2. Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna;tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge;Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas;is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.

3. Cinnte tá an Tiarna mall chun feirgeagus is mór í a chumhacht;Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós.Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm;is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

4. Tugann sé iomardú don fharraigeagus cuireann sé i ndísc í;triomaíonn sé na haibhneacha go léir.Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlúagus fásra na Liobáine ag feo.

5. Tá na sléibhte ar crith roimheagus na cnoic á leá.Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan,agus gach duine dá gcónaíonn ann,

6. Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh?Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt?Bladhmann a chuid feirge amach mar thine,agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

7. Is maith é an Tiarna;dún daingean is ea é lá na buartha.

8. Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimircenuair a thagann an díle.Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinneagus rachaidh sé sa tóir ar a naimhdeisteach sa dorchadas.

Oracail i dtaobh Iúdá agus Nínivé

9. Cén chomhcheilg atá á beartú agaibhín aghaidh an Tiarna?Eisean a t‑ollscriostóir.Tá deireadh leis an ansmacht go deo.

10. Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha,mar choinleach tirim, go hiomlán.

11. Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgairea bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.

12. Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad,coscrófar agus dísceofar iad.Cé gur smachtaigh mé thú cheana,ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.

13. Brisfidh mé díot anoisan chuing a leag sé ortagus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”

14. Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh:“Ní bheidh sliocht orta dtabharfar d'ainm orthu feasta;tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthechun siúil as teampall do dhéithe;ullmhóidh mé uaigh duit,mar is suarach an duine thú.”