Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nahúm 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhteagus é ag fógairt na síochána.Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá;comhlíon do mhóideanna.Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arísmar tá sé scriosta go hiomlán.

2. Tá millteoir ag teacht i do choinne,Cuir an dún faoi chosaint;déan faire ghéar ar an mbóthar;cóirigh thú féin chun catha;cruinnigh do neart go léir.

3. Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóibagus niamhracht Iosrael chomh maithd'ainneoin gur scrios na scriostóirí iadagus gur mhill siad a gcraobhacha.

Cinniúint Nínivé

Scartáil Nínivé

4. Tá sciatha a laochra deargagus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag.Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thineagus iad á gcur in eagar catha;tá flosc chun troda ar an eachra.

5. Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna;ropann siad ó áit go háit sna cearnóga.Is cosúil le tóirsí iadagus iad ag rith anonn agus anallmar splancacha tintrí.

6. Glaonn sé ar a chuid oifigeach;imeacht tuisleach atá fúthuagus iad ar a slí chuige.Réabann siad chun cinnin aghaidh an bhalla;cheana féin tá an sceallbholgsuite go daingean ina áit.

7. Tá na geataí chun na n‑aibhneacha ar oscailtagus gach duine dá bhfuil sa phálásimithe chun scaoill.

8. Ardaítear an dealbh chun siúilchun í a thabhairt go tír iasachta;tá a cuid banóglachag ligean osnaí uathu mar chorracú colmagus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.

9. Is cuma Nínivé nó taiscumara bhfuil an t‑uisce ag rith as.“Stadaigí, stadaigí!”Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.

10. “Sladaigí an t‑airgead!Sladaigí an t‑ór!”Tá saibhreas gan áireamh ann,flúirse den uile shaghas maoine.

11. Slad, creachadh, léirscrios!Croíthe á leá le heagla!Glúine ag bualadh le chéile!Áranna ar aon bharr amháin creatha!Aghaidheanna ar dhath an bháis!

Bagairt ar Leon na hAsaíre

12. Cá bhfuil pluais na leon,uachais na leon óg?Nuair a d'imíodh an leon amach,d'fhanadh an leon baineannagus na coileáin istighagus ní chuirfí isteach orthu,

13. Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáinagus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna.Líonadh sé a uaimheanna lena chreach,agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.

14. Féach, táimse i d'aghaidh,a deir Tiarna na Slua.Cuirfidh mé do charbaid trí thineagus ídeoidh an claíomh do leoin óga.Cuirfidh mé críochle do chuid creachadóireachta sa tíragus ní chloisfear glór do theachtairí níos mó.