Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 7:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Bainfidh tú díoltas dian amach orthu thar ceann an dúshláin a thugadar duit, in ionad teacht chugat go síochánta.”

16. Thaitin an chaint seo le Holofarnaes agus lena raibh timpeall air, agus d'ordaigh sé go ndéanfaí mar a bhí ráite acu.

17. Ghluais buíon de mhuintir [Mhóáb] chun cinn agus cúig mhíle de shaighdiúirí Asaíreacha ina dteannta. Suas isteach sa ghleann leo agus ghabhadar na srutháin agus na fuaráin uisce a bhíodh á n‑usáid ag muintir Iosrael.

18. Ag an am céanna ghluais cuid de mhuintir Éasáu agus Amón agus rinneadar a gcampa thuas sna sléibhte os comhair Dhótán. As sin chuireadar roinnt dá gcuid fear soir ó dheas os comhair Eicribil atá in aice le Chús ar bhruach abhann Mochmúr. Rinne an chuid eile d'arm na nAsaíreach campa sa mhachaire, lán an mhachaire acu - aon lear de bhothanna agus de threalamh, agus slua mór groí acu féin.

19. Ghlaoigh clann Iosrael os ard ar an Tiarna, a nDia, agus an misneach ag teipeadh orthu, mar bhí a naimhde go léir mórthimpeall orthu anois, agus gan deis éalaithe fágtha acu.

20. Ar feadh ceithre lá tríochad d'fhan arm mór na hAsaíre timpeall orthu - coisithe agus carbaid agus capaill. Chuaigh na prócaí uisce go léir i ndísc ar mhuintir Bhéitiúilia uile;

21. agus na sistéil faoi thalamh féin, níorbh fhada go mbeidís folamh. Ní raibh a sáith le hól acu aon lá anois, mar ní thugtaí ach an áirithe sin uisce amach do gach duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 7