Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iúidit 7:18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ag an am céanna ghluais cuid de mhuintir Éasáu agus Amón agus rinneadar a gcampa thuas sna sléibhte os comhair Dhótán. As sin chuireadar roinnt dá gcuid fear soir ó dheas os comhair Eicribil atá in aice le Chús ar bhruach abhann Mochmúr. Rinne an chuid eile d'arm na nAsaíreach campa sa mhachaire, lán an mhachaire acu - aon lear de bhothanna agus de threalamh, agus slua mór groí acu féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iúidit 7

Féach ar Iúidit 7:18 i gcomhthéacs