Bhí a gcuid leanaí ag cnaí, agus a gcuid ban agus ógánach ag dul i laige le teann tarta. Thitidís agus iad ag gabháil sráideanna an bhaile nó ag dul amach na geataí, gan aon neart fágtha iontu a thuilleadh.