4. D'fhreagair Iúidit: “Dar m'anam agus dar mo shláinte, a thiarna liom, ní bheidh a bhfuil de lón agam caite ag do dhaoirseach, nó go mbeidh a chuspóir curtha i gcrích ag an Tiarna trí mo láimhse.”
5. Ansin thug giollaí Holofarnaes isteach sa bhoth í agus chodail sí go meán oíche. I dtreo faire na maidine d'éirigh sí,
6. agus chuir sí teachtaire go Holofarnaes á rá: “Ordaíodh mo thiarna anois cead a thabhairt dá dhaoirseach dul amach agus guí.”
7. Agus thug Holofarnaes ordú dá bhuíon chosanta gan cosc a chur léi. D'fhan sí sa longfort trí lá agus théadh sí amach gach oíche go Gleann Bhéitiúilia, agus dhéanadh í féin a ní sa tobar (sa champa).
8. Ag teacht aníos di, ghuíodh sí chun Tiarna Dia Iosrael lena stiúradh ar an mbealach lena pobal a fhuascailt.
9. D'fhilleadh sí arna híonghlanadh agus d'fhanadh sí sa bhoth nó go gcaitheadh sí a cuid i dtreo an tráthnóna.
10. Ar an gceathrú lá bhí fleá ag Holofarnaes dá ghiollaí féin amháin, gan aon chuireadh a thabhairt d'aon duine dá fheidhmeannaigh.
11. Dúirt sé le Bagóas, an coillteán a bhí i bhfeighil a ghnóthaí pearsanta go léir: “Imigh anois agus áitigh ar an Eabhraíoch atá faoi do chúram teacht agus bia agus deoch a chaitheamh farainn.
12. Ba náire agus ba aithis é dá ligfimis do bhean dá leithéid imeacht gan caidreamh a bheith againn léi; mura meallfaimid í, déanfaidh sí fonóid fúinn.”
13. Ghabh Bagóas amach dá bhrí sin ó láthair Holofarnaes agus chuaigh ag triall ar Iúidit agus dúirt: “Ar mhiste leis an ionailt sciamhach seo teacht chun mo thiarna agus onóir a fháil ina láthair, agus fíon a ól agus scléip a bheith aici inár gcuideachta, agus í féin a iompar inniu mar bhean choimhdeachta de chuid na nAsaíreach i bpálás Nabúcadnazar.”
14. D'fhreagair Iúidit: “Cé hí mise a rá is go ndiúltóinn mo thiarna? Déanfaidh mé gan mhoill, ar ndóigh, cibe ní is áil leis, agus beidh sin mar lúcháir agam go dtí lá mo bháis.”