2. Agus d'ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: “Labhair liom.” 2a “A thiarna,” ar sí, “chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.” 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin.
3. “Cad tá uait, a Eistir,” arsan rí, “agus cén achainí atá agat [orm]? Fiú más é leath mo ríochta féin é, gheobhaidh tú uaim é.”
4. D'fhreagair Eistir: “Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.”
5. Dúirt an rí: “Tugaigí Hámán anseo go tapa le go ndéanfaimis rud ar Eistir.” Tháinig an rí agus Hámán chun na fleá a d'ullmhaigh Eistir.
6. Ag ól an fhíona dóibh, dúirt an rí arís le hEistir: “Inis dom céard atá uait; tabharfaidh mé duit é. Inis dom cén achainí atá agat orm; fiú más é leath mo ríochta é, tabharfar duit é.”
7. “Seo é m'iarratas agus m'achainí,” arsa Eistir,
8. “má tá gean an rí orm, agus más toil leis an rí m'iarratas a dheonú dom, agus géilleadh do m'achainí, tagadh an rí agus Hámán chugam amárach chun na fleá a leagfaidh mé rompu, agus déanfaidh mé rud air amárach.”