Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 5:2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Agus d'ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: “Labhair liom.” 2a “A thiarna,” ar sí, “chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.” 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 5

Féach ar Eistir (Gr) 5:2 i gcomhthéacs