D'imigh Hámán amach ón rí an lá sin é go subhach somheanmnach. Ach nuair a chonaic sé Mordacaí ag geata an rí, agus gan é ag éirí ná fiú ag corraí ina láthair, tháinig taom feirge air le Mordacaí.