Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 14:21-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.

22. Chuir an rí chun báis iad agus thug sé Béil suas do Dhainéil; scrios sé siúd an t‑íol agus a theampall.

23. Bhí sa Bhablóin dragan mór a bhí á adhradh ag an bpobal.

24. Dúirt an rí le Dainéil: “Ní féidir duit a shéanadh gur dia beo é seo! Adhair é dá bhrí sin.”

25. D'fhreagair Dainéil: “Adhraim an Tiarna mo Dhia; is é sin is Dia beo ann.

26. A rí, le do chead, maróidh mé an dragan gan chlaíomh, gan lorg.” “Ceadaím sin duit,” arsa an rí.

27. Ansin fuair Dainéil pic agus blonag agus fionnadh, agus bheirigh sé le chéile iad agus rinne cístí astu agus thug iad le hithe don dragan. Shlog sé siar iad agus phléasc sé! Dúirt Dainéil: “Féach cad a bhí agaibh a adhradh!”

28. Nuair a chuala na Bablónaigh é tháinig fearg mhór orthu agus d'éirigh siad amach i gcoinne an rí. Dúirt siad: “Tá Giúdach déanta den rí! Mhill sé Béil, mharaigh sé an dragan, agus chuir sé na sagairt chun báis!”

29. Chuaigh siad faoi dhéin an rí agus dúirt siad: “Scaoil chugainn Dainéil, nó cuirfimid chun báis thú féin agus do theaghlach.”

30. Chonaic an rí go raibh siad ag brú go dian air agus chaith sé géilleadh agus Dainéil a thabhairt i láimh dóibh.

31. Theilg siad Dainéil isteach in uaimh na leon agus bhí sé ansiúd ar feadh sé lá.

32. Bhí seacht leon san uaimh agus is é bia a thugtaí dóibh dhá chorp dhaonna agus dhá chaora sa lá; ach níor tugadh dóibh ansin iad chun go n‑alpaidís Dainéil.

33. Bhí an fáidh Habacúc in Iúdá an uair sin; bhí leite bhruite agus brúscar aráin aige i mbabhla, agus é á dtabhairt leis don ghort chun na mbuanaithe.

34. Ach dúirt aingeal an Tiarna le Habacúc: “Beir leat an bia atá agat go dtí an Bhablóin, go Dainéil in uaimh na leon.”

35. “A Thiarna,” arsa Habacúc, “ní fhaca riamh an Bhablóin, ná ní eol dom an uaimh seo.”

36. Ansin rug aingeal an Tiarna ar mhullach a chinn air agus d'ardaigh leis ar urla é le luas na gaoithe chun na Bablóine mar ar lig sé síos é ar bhéal na huaimhe.

37. Ghlaoigh Habacúc: “A Dhainéil, a shearbhónta Dé, tóg an dinnéar a chuir Dia chugat.”

38. Agus dúirt Dainéil: “A Dhia liom, chuimhnigh tú orm agus níor thréig tú iad siúd a ghránn tú.”

39. D'éirigh Dainéil agus d'ith sé an bia. Agus d'fhág aingeal Dé Habacúc ar ais ina dhúiche féin gan mhoill.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 14