Nuair a chuala na Bablónaigh é tháinig fearg mhór orthu agus d'éirigh siad amach i gcoinne an rí. Dúirt siad: “Tá Giúdach déanta den rí! Mhill sé Béil, mharaigh sé an dragan, agus chuir sé na sagairt chun báis!”