Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 14:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuireadh Aistíagaes chun suain lena aithreacha, agus fuair Cíoras an Peirseach seilbh ar a ríocht.

2. Mhair Dainéil mar aoi ag an rí agus ba é cara ba mhó é a fuair onóir uaidh.

3. Anois bhí íol, Béil, ag na Bablónaigh, agus d'ofrálaidís sa lá dó dhá bhuiséal déag de phlúr mín, daichead caora, agus leathchéad galún fíona.

4. Bhíodh an rí á adhradh freisin agus théadh sé gach lá chun ómós a thabhairt dó. Ach Dainéil, thug sé siúd adhradh dá Dhia féin.

5. Agus dúirt an rí leis: “Cén fáth nach n‑adhrann tú Béil?” D'fhreagair sé: “Mar nach íola a rinne lámha daonna a adhraimse, ach an Dia beo a rinne neamh agus talamh ag a bhfuil cumhacht ar an uile fheoil.”

6. “Nach dóigh leat,” arsa an rí “gur dia beo Béil? Nach bhfeiceann tú a n‑itheann agus n‑ólann sé gach lá?”

7. Agus bhris a gháire ar Dhainéil. “Ná mealltar thú, a rí,” ar seisean, “níl anseo ach cré laistigh, prás lasmuigh, agus níor ith ná níor ól sé aon ní riamh.”

8. Tháinig fearg ar an rí agus chuir sé fios ar na sagairt agus dúirt sé leo: “Mura n‑insíonn sibh dom cé a itheann na soláthairtí bia seo, cuirfear chun báis sibh; ach má chruthaíonn sibh gurb é Béil a itheann iad, is é Dainéil a chuirfear chun báis mar thug sé masla do Bhéil.”

9. Dúirt Dainéil leis an rí: “Go ndéantar de réir do bhriathair!” Ba é a deich agus trí fichid líon na sagart, gan a mná agus a bpáistí a chomhaireamh.

10. Chuaigh an rí isteach i dteampall Bhéil le Dainéil.

11. Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.”

12. Ní raibh aon mhairg orthu mar bhí slí rúin déanta isteach faoin mbord acu agus ba ghnáth leo dul isteach tríthi agus an lón a chaitheamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 14