Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.”