Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Eagna agus an Bhaois

1. Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe.

2. Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.

3. Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama.

4. Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt.

5. Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.

6. Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith.

7. Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.

8. Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t‑uabhar.

9. Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.

10. Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur.

11. Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.

12. Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

Is Ait an Mac an Saol

13. Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?

14. Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.

15. Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.

16. Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?

17. Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?

18. Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach.

19. De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.

20. Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor.

21. Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh.

22. Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic.

23. Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: “Is rún dom an eagna a fháil” ach bhí sé thar m'acmhainn.

24. Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint?

25. Leag mé m'intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d'aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.

Na Mná

26. Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.

27. Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach -

28. eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil - aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.

29. Féach, is é seo an t‑aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.