Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne mé dianmhachnamh i mo chroí istigh ar an scéal seo go léir agus aithním go bhfuil na fíréin agus na saoithe agus a n‑oibreacha uile ar láimh Dé. Ach ní eol don duine an fabhar nó fuath atá ann dó; níl ciall ar bith le ceachtar acu, dar leis.

2. Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.

3. I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.

4. Óir tá ábhar dóchais fós ag an té atá i gcomhluadar na mbeo uile go fóill; mar is fearr madra beo ná leon marbh.

5. Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.

6. Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá - ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.

7. Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.

8. Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.

9. Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.

10. Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

11. Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

12. Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.

13. Seo sampla eile fós den eagna a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus is díol suntais é, dar liom.

14. Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.

15. Fuarthas saoi bocht inti, áfach, ach d'ainneoin gur shábháil sé an chathair lena eagna níor choinnigh aon duine cuimhne ar an bhfear bocht ina dhiaidh sin.

16. Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d'eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra.

Cnuasach de Sheanfhocail Éagsúla

17. Is fearr a éistear le ciúinbhriathra na saoithe ná le callaireacht cheannaire amadán.

18. Is fearr an eagna ná airm chogaidh; ach d'fhéadfadh aon bhotún amháin mórán maitheasa a mhilleadh.