Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Cóheilit 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Éagothroime Shóisialta

1. Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.

2. Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill.

3. Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.

4. Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

5. Snaidhmeann an t‑amadán a lámha ina chéileagus ní bhíonn an rath air.

6. Ach is fearr lán glaice le suaimhneasná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.

7. Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na greine:

8. fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.

9. Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar.

10. Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil.

11. Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te?

12. Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.

13. Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó,

14. fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.

15. Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí.

16. Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.

Deasghnátha Creidimh

17. Bí ar d'aire nuair a théann tú go dtí teach Dé; is fearr dul ann chun éisteacht go humhal ná íobairt a dhéanamh ar nós na n‑amadán nach dtuigeann go bhfuil siad ag déanamh an oilc.