Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 3:43-59 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”

44. Rinne siad a muintir a thionól le bheith ullamh chun cogaidh agus le guí agus le trócaire agus trua a lorg.

45. Bhí Iarúsailéim tréigthe mar a bheadh fásach,gan aon duine dá leanaí le dul isteach ná amach.Pasáladh an sanctóir faoi chois;fuair sliocht iasachta seilbh ar an Dúnfort;agus tá sé anois ina lóistín ag págánaigh.Cuireadh deireadh le lúcháir Iacóib;scoir an phíb is an chruit dá gceol.

46. Ar thionól dóibh chuaigh siad go Miozpá, os comhair Iarúsailéim, mar ba áit urnaí é Miozpá ag Iosrael tráth.

47. Rinne siad troscadh an lá sin, ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.

48. D'oscail siad leabhar an dlí le réiteach a bhfadhb a fháil faoi mar a théadh na págánaigh i muinín íomhánna a n‑íol.

49. Thug siad amach freisin na héidí sagairt, na céadtorthaí agus na deachúna; agus spreag siad na naizírigh a raibh a dtréimhse comhlíonta acu.

50. Ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe a rá: “Céard a dhéanfaimid leis an muintir seo agus cá seolfaimid iad?

51. Pasáladh do shanctóir faoi chois agus truaillíodh é; tá do shagairt faoi aithis ag caoineadh.

52. Tá na págánaigh cruinnithe inár n‑aghaidh le sinn a scriosadh; is eol duit céard atá á bheartú acu dúinn.

53. Conas a fhéadfaimid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh mura ndéanann tú fóirithint orainn?”

54. Ansin shéid siad an stoc agus chuir siad gáir mhór suas.

55. Ansin cheap Iúdás ceannasaithe ar an bpobal, ceannairí míle, ceannairí céad, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr.

56. Dúirt sé leis na daoine a bhí ag tógáil tithe, nó a bhí geallta le bean, nó ag cur fíonghort, agus le lucht an drochmhisnigh, dul abhaile, gach duine díobh, mar a deir an dlí.

57. Ansin ghluais an slua chun bóthair faoi eagar agus shuigh siad a longfort taobh theas d'Amáus.

58. Dúirt Iúdás: “Fáiscigí bhur gcrios faoi bhur gcoim agus déanaigí cion fir go cróga; bígí ullamh go moch amárach le cath a chur ar na págánaigh seo atá cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh d'fhonn sinn féin agus ár sanctóir a scriosadh.

59. Is fearr dúinn bás a fháil sa chath ná bheith ag faire ar ár gcine agus ar ár sanctóir á scriosadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 3