Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 3:35-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Bhí Lisias le harm a chur ina gcoinne le neart Iosrael agus iarmhar Iarúsailéim a scriosadh agus a mhilleadh agus a gcuimhne a scuabadh ar fad ón áit,

36. sliocht eachtrannach a phlandáil ina gcríocha go léir, agus a dtailte a roinnt ar chrainn.

37. Thug an rí an leath eile dá arm leis agus d'fhág Aintíoch, príomhchathair na ríochta, sa bhliain céad daichead a seacht. Chuaigh sé thar abhainn an Eofrataes agus ghabh trí na cúigí uachtaracha.

38. Thogh Lisias Ptoilimí mac Dhoramanaes agus Niocánór agus Goirgias, fir thábhachtacha i measc chairde an rí,

39. agus sheol daichead míle coisí agus seacht míle marcach faoina gceannas le dul isteach i dtír Iúdá agus é a scrios mar a d'ordaigh an rí.

40. Chuir siad chun bóthair lena bhfórsaí go léir agus shroich siad comharsanacht Amáus sna hísleáin agus shuigh siad a longfort ansiúd.

41. Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.

42. Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.

43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”

44. Rinne siad a muintir a thionól le bheith ullamh chun cogaidh agus le guí agus le trócaire agus trua a lorg.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 3