Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Macabaech 3:27-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Nuair a fuair Aintíochas rí na tuairiscí sin, tháinig cuthach feirge air, agus chuir sé gairm scoile amach agus chruinnigh sluaite a ríochta go léir, arm an-tréan.

28. D'oscail sé a chiste agus thug pá bliana dá arm agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh d'aon ní a tharlódh.

29. Fuair sé amach ansin go raibh airgead an chiste caite agus gur bheag a bhí ag teacht isteach ón tír de bharr an aighnis agus an tranglaim a thug sé ar an tír toisc na dlíthe a bhí i bhfeidhm leis na cianta a chur ar ceal.

30. Thosaigh eagla ar theacht air go dtarlódh sé mar a tharla uair nó dhó roimhe sin, nach mbeadh go leor ina chiste le haghaidh na gcostas agus na dtabhartas a bhíodh á mbronnadh aige níos féile ná na ríthe a ghabh roimhe.

31. Bhí suaitheadh mór intinne air agus bheartaigh sé ar dhul go dtí an Pheirs, le cánacha a thobhach ó na réigiúin sin agus suim mhór airgid a bhailiú.

32. D'fhág sé Lisias, duine uasal den ríshliocht, i bhfeighil cúraimí an rí ó abhainn an Eofrataes go teorainneacha na hÉigipte.

33. Eisean freisin a bhí lena mhac Aintíochas a oiliúint nó go bhfillfeadh sé.

34. Chuir sé leath a shluaite agus na heilifintí faoi chúram Lisias chomh maith agus thug sé treoracha dó i dtaobh a raibh á bheartú aige a dhéanamh, go háirithe maidir leis an muintir a bhí ag cur fúthu in Iúdáia agus in Iarúsailéim.

35. Bhí Lisias le harm a chur ina gcoinne le neart Iosrael agus iarmhar Iarúsailéim a scriosadh agus a mhilleadh agus a gcuimhne a scuabadh ar fad ón áit,

36. sliocht eachtrannach a phlandáil ina gcríocha go léir, agus a dtailte a roinnt ar chrainn.

37. Thug an rí an leath eile dá arm leis agus d'fhág Aintíoch, príomhchathair na ríochta, sa bhliain céad daichead a seacht. Chuaigh sé thar abhainn an Eofrataes agus ghabh trí na cúigí uachtaracha.

38. Thogh Lisias Ptoilimí mac Dhoramanaes agus Niocánór agus Goirgias, fir thábhachtacha i measc chairde an rí,

39. agus sheol daichead míle coisí agus seacht míle marcach faoina gceannas le dul isteach i dtír Iúdá agus é a scrios mar a d'ordaigh an rí.

40. Chuir siad chun bóthair lena bhfórsaí go léir agus shroich siad comharsanacht Amáus sna hísleáin agus shuigh siad a longfort ansiúd.

41. Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.

42. Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.

43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Macabaech 3