38. Tháinig na fir a ainmníodh ansin lena gclann agus lena muintir, chuadar i líonmhaire agus leathadar amach.
39. Ag lorg féaraigh dá dtréada bhogadar leo ó bhealach [Ghearár] go hoirthear an ghleanna;
40. fuair siad féarach breá méith ansiúd; bhí fairsinge ann, é socair síochánta. Bhí sliocht Hám ina gcónaí ann rompu.
41. Tháinig [na Simeonaigh] ansiúd, agus iad cláraithe ó ainm, i réimeas Hizicíá, rí Iúdá. Scriosadar a mbothanna agus na háitribh a fuaireadar rompu. Chuir siad iad faoi bhang atá i bhfeidhm fós inniu agus chuir siad fúthu ina n‑áit mar go raibh féarach ann dá dtréada.
42. Cuid acu, cúig céad fear de shliocht Shimeon, shroich siad Sliabh Shaeír; Palatiá, Neairiá, Rafáiá, agus Uizíéil, clann mhac Isí, a bhí i gceannas orthu.
43. Bhriseadar ar a raibh fágtha d'fhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin.