Tháinig [na Simeonaigh] ansiúd, agus iad cláraithe ó ainm, i réimeas Hizicíá, rí Iúdá. Scriosadar a mbothanna agus na háitribh a fuaireadar rompu. Chuir siad iad faoi bhang atá i bhfeidhm fós inniu agus chuir siad fúthu ina n‑áit mar go raibh féarach ann dá dtréada.