Tiomna Nua

Matha 7:6-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.

7. “Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí agus gheo­bhaidh sibh; buailigí ar an doras, agus osclófar romhaibh é.

8. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach sroicheann, ná duine dá mbuaileann ar dhoras nach n‑osclaítear roimhe.

9. Mar cé agaibh a thabharfas cloch dá mhac, agus é ag iarraidh aráin air?

10. Nó a thabharfas nathair nimhe dó, agus é ag iarraidh éisc?

11. Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air?

12. Mar sin, déanaigí le daoine mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh; mar is é sin an dlí agus na fáithe.

13. “Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann.

14. Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é.

15. “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh.

16. Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán?

17. Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc.

18. Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt.

19. Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.

20. Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.

21. “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.

22. An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i d'ainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i d'ainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i d'ainmse?’

23. Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí m'amharc, a lucht déanta an oilc.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 7