Tiomna Nua

Matha 7:20-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.

21. “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.

22. An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i d'ainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i d'ainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i d'ainmse?’

23. Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí m'amharc, a lucht déanta an oilc.’

24. “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;

25. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é.

26. Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh;

27. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 7