Tiomna Nua

Matha 7:14-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é.

15. “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh.

16. Aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad. An gcruinnítear fíonchaora ó chrann sceiche, nó figí ó dhosanna fothannán?

17. Mar sin, tugann gach crann cóir dea-thoradh, ach tugann drochchrann toradh an oilc.

18. Ni fhéadann dea-chrann drochthoradh a iompar, ná drochchrann dea-thoradh a thabhairt.

19. Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh.

20. Mar sin aithneoidh sibh ar a dtorthaí iad.

21. “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil m'Atharsa atá ar neamh.

22. An lá úd is iomaí sin duine a déarfas liom, ‘A Thiarna, a Thiarna, nach ndearnamar fáidheadóireacht i d'ainmse, agus nár dhíbríomar deamhain i d'ainmse, agus nach ndearnamar oibreacha móra iontacha i d'ainmse?’

23. Agus is ansin a dhearbhóidh mé dóibh, ‘Ní raibh aithne ná eolas agam oraibh riamh; fágaigí m'amharc, a lucht déanta an oilc.’

24. “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche;

25. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha agus bhuail siad an teach úd, ach níor thit sé, as siocair gur bunaíodh ar charraig chloiche é.

26. Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh;

27. agus thit an fhearthainn, agus d'éirigh na tuilte, agus shíob na gaotha gur bhuail an teach úd, gur thit sé, agus ba mhór í a thitim.”

28. Nuair a chríochnaigh Íosa an chaint sin, bhí na sluaite ag déanamh iontais dá theagasc

29. mar bhíodh sé á dteagasc mar dhuine a raibh údarás aige, ní ionann is na scríobhaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 7