1. “Ná tugaigí breithiúnas ionas nach dtugtar breithiúnas oraibh.
2. Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheobhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh.
3. Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin?
4. Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin?
5. A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar.
6. “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.