Tiomna Nua

Matha 27:6-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.”

7. Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh.

8. Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo.

9. Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá,“Agus ghlac siad an tríocha bonn d'airgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air,

10. agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.”

11. Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus d'fhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.”

12. Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra.

13. Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i d'éadan?”

14. Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.

15. Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.

16. Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.

17. Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”

18. Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.

19. Lena chois sin, bhí sé i ndiaidh scéal a fháil óna bhanchéile agus é ina shuí ar chathaoir an bhreithiúnais, “Fear fíréanta é siúd, ná cuir chuige ná uaidh, mar bhí crá mór orm faoi inniu i mbrionglóid a bhain leis.”

20. Anois bhí na hardsagairt agus na seanóirí i ndiaidh tabhairt ar na daoine Barabas a iarraidh agus Íosa a chur den saol.

21. D'fhiafraigh an t‑uachtarán díobh an dara huair, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh?” “Barabas,” ar siadsan.

22. D'fhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.”

23. Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”

24. Nuair a chonaic Píoláid nach raibh ag éirí leis aon ní a dhéanamh ach iaróg a chur ina suí, ghlac sé uisce agus nigh sé a lámha os comhair an tslua, á rá, “Tá mise neamhchiontach i bhfuil an fhir seo; freagraígí sibhse aisti.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27