Tiomna Nua

Matha 27:51-66 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

51. Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

52. osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,

53. agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.

54. I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán d'ómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”

55. Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,

56. orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.

57. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa.

58. Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. D'ordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó.

59. Agus ghlac Iósaf an corp, agus d'fhill i dtaiséadach de línéadach glan é,

60. agus chuir sé ina thuama úrnua féin é, a bhí tochailte aige amach as an gcarraig; agus chas sé cloch mhór thart faoi bhéal an tuama, agus d'imigh leis.

61. Bhi Muire Mhaghdalénach agus an Mhuire eile ansin ina suí os comhair an tuama.

62. An lá ina dhiaidh sin, is é sin an lá a tháinig i ndiaidh lá an Ullmhaithe, chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh os comhair Phíoláid

63. agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’

64. Ordaigh dá bhrí sin go ndruidfear an tuama go daingean go dtí an tríú lá, ar eagla go rachadh a dheisceabail á fhuadach ar shiúl, agus go n‑inseoidís do na daoine gur éirigh sé ó mhairbh, agus go mbeidh an mealladh deireanach níos measa arís na an chéad mhealladh.”

65. Arsa Píoláid leo, “Tá garda saighdiúirí agaibhse; imígí agus daingnígí é mar is fearr a thagas libh.”

66. D'imigh siad mar sin agus dhaingnigh siad an tuama ag cur séala ar an gcloch agus ag cur garda uirthi.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27