Tiomna Nua

Matha 27:44-53 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

44. Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna.

45. Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair,

46. agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?”

47. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.”

48. Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é.

49. Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.”

50. Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus d'fhág an anáil é.

51. Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

52. osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,

53. agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27