42. “Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann.
43. Tá muinín aige as Dia; scaoileadh Dia é, más mian leis é; mar dúirt sé, ‘Is mé Mac Dé’.”
44. Agus bhí na gadaithe a bhí á gcéasadh ina chuideachta ag fonóid faoi ar an modh céanna.
45. Anois ón séú huair bhí dorchadas ar fud na tíre go dtí an naoú huair,
46. agus i dtrátha an naoú huair ghlaoigh Íosa in ard a chinn is a ghutha, “Éloí, Éloí lamá sabactání?” Is é sin, “A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?”
47. Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh thart nuair a chuala siad sin, “Is ag glaoch ar Elía atá an fear seo.”
48. Agus ar an toirt rith duine acu gur ghlac spúinse, agus líon le fínéagar é, agus chuir i mbarr giolcaí é, gur thug dó le n‑ól é.
49. Ach is é a dúirt an chuid eile, “Fanaigí, feicimis an dtiocfaidh Elía lena tharrtháil.”
50. Agus ghlaoigh Íosa arís i nglór ard, agus d'fhág an anáil é.
51. Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;
52. osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,
53. agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.
54. I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán d'ómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”
55. Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,