Tiomna Nua

Matha 27:1-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a tháinig an mhaidin, chuaigh na hardsagairt uile agus seanóirí an phobail i gcomhairle in aghaidh Íosa lena chur chun báis;

2. agus chuibhrigh siad é agus tharraing siad ar shiúl é agus thug siad do Phíoláid an t‑uachtarán é.

3. Nuair a chonaic Iúdás, an té a rinne a bhrath, go raibh sé daortha, bhí aithreachas air, agus thug sé an tríocha bonn d'airgead ar ais chuig na hardsagairt,

4. á rá, “Tá peaca déanta agam, ag imirt fill ar fhuil neamhchiontach.”Ar siadsan, “Cad é sin dúinne? Fútsa fágtar é.”

5. Agus chaith sé síos uaidh na boinn airgid sa teampall, agus d'imigh sé; agus chuaigh sé agus chroch sé é féin.

6. Ach thóg na hardsagairt na boinn airgid, agus dúirt siad, “Ní ceadmhach a gcur isteach sa chiste, ós airgead fola iad.”

7. Mar sin ghlac siad comhairle, gur cheannaigh siad leo Páirc an Photaire, mar ionad adhlactha do na coimhthígh.

8. Dá bharr sin gaireadh Páirc na Fola den pháirc úd go dtí an Iá seo.

9. Ba ansin a comhlíonadh a ndúirt an fáidh Ierimía, á rá,“Agus ghlac siad an tríocha bonn d'airgead, luach an té ar chuir cuid de chlann Iosrael luach air,

10. agus thug iad ar Pháirc an Photaire, mar thaispeáin an Tiarna dom.”

11. Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus d'fhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.”

12. Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra.

13. Dúirt Píoláid leis ansin, “Nach gcluineann tú an méid a dhearbhaíonn siad i d'éadan?”

14. Ach níor thug sé freagra dó ar oiread le haon rud amháin a cuireadh ina leith; ar mhodh go raibh iontas mór ar an uachtarán faoi.

15. Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo.

16. Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó.

17. Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”

18. Mar bhí a dhea-fhios aige gur trí fhormad a tugadh suas é.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 27