Tiomna Nua

Matha 25:34-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

34. Déarfaidh an Rí ansin le lucht na láimhe deise, ‘Is é bhur mbeatha, a dhream úd ar bheannaigh m'Athair sibh, le dul i seilbh na ríochta atá ullmhaithe in bhur gcomhair ó cuireadh an chruinne ar bun;

35. mar bhí ocras orm, agus thug sibh bia dom, bhí tart orm agus dhoirt sibh deoch dom, bhí me i mo strainséir agus d'fháiltigh sibh romham,

36. bhí mé tarnocht agus chuir sibh éadaí ar mo chorp, bhí mé breoite agus thug sibh cuairt orm, bhí me sa phríosún agus tháinig sibh chugam.’

37. Is ansin a gheobhaidh sé an freagra seo ó na fíréin, ‘Cá huair, a Thiarna, a chonaiceamar ocras ort agus a thugamar bia duit, nó tart ort agus a thugamar deoch duit?

38. Agus cá huair a chonaiceamar i do strainséir thú agus a d'fháiltíomar romhat, nó tarnocht agus a chuireamar éadaí ort?

39. Agus cá huair a chonaiceamar thú breoite nó sa phriosún agus a thugamar cuairt ort?’

40. Agus is é seo an freagra a thabharfas an Rí dóibh, ‘Deirim go fírinneach libh, mar atá déanta agaibh don té is lú de na bráithre seo agam, is domsa a rinne sibh é.’

41. Déarfaidh sé ansin le lucht na láimhe clé, ‘Fágaigí m'amharc, a dhream mhallaithe, agus isteach libh sa tíne shíoraí a ullmhaíodh le haghaidh an diabhail agus a chuid droch-aingeal;

42. mar bhí ocras orm agus cheil sibh bia orm, bhí tart orm agus cheil sibh deoch orm,

43. i mo strainséir agus bhí doicheall oraibh romham, bhí mé tarnocht agus dhiúltaigh sibh faoi éadaí mé, breoite agus sa phríosún agus d'fhan sibh uaim.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 25