16. Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.
17. Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise.
18. Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.
19. Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo.
20. Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’
21. Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’
22. Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’
23. Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis i mbeagán, cuirfidh mé thú os cionn móráin; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’
24. An té sin freisin a fuair an t‑aon tallann amháin, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, bhí a fhios agam go raibh tú i d'fhear crua, ceachartha, ag baint san áit nár chroith tú síol, agus ag cruinniú san áit nár bhuail tú arbhar;
25. bhí eagla orm mar sin, agus chuaigh mé gur chuir mé do thallann i bhfolach i gcré an talaimh. Seo duit an ní is leat.’
26. Ach d'fhreagair a mháistir é, ‘A fheidhmeannaigh fhalsa, fhealltaigh! B'fheasach duit go mbímse ag baint san áit nár chroith mé síol agus go mbím ag cruinniú san áit nár bhuail mé arbhar.