Tiomna Nua

Matha 25:12-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Ach d'fhreagair sé, ‘I bhfírinne deirimse libh nach n‑aithním sibh.’

13. Bígí coimeádach mar sin, mar níl fios an lae ná fios na huaire agaibh.

14. “Mar beidh sé mar fhear ag dul ar aistear a ghlaoigh ar a sheirbhísigh agus a chuir cúram a mhaoine uile orthu;

15. thug sé cúig thallann do dhuine acu, agus dhá thallann do dhuine eile, agus aon tallann amháin do dhuine eile, de réir na hacmhainne a bhí ag an uile dhuine acu. D'imigh sé leis ansin.

16. Chuaigh an té a fuair na cúig thallann a dhíol agus a cheannach leo; agus ghnóthaigh sé cúig thallann eile.

17. Mar an gcéanna, an té a raibh dhá thallann aige, ghnóthaigh sé dhá thallann bhreise.

18. Ach an té nach bhfuair ach aon tallann amháin chuaigh seisean a thochailt an talaimh agus a chur i bhfolach an airgid a bhí aige óna mháistir.

19. Chuaigh tamall fada thart agus ansin tháinig máistir na seirbhíseach úd gur shocraigh sé a chuntais leo.

20. Agus tháinig an té a fuair na cúig thallann chun tosaigh, ag tabhairt leis cúig thallann eile, agus dúirt sé, ‘A mháistir, thug tú cúig thallann dom; siúd cúig thallann bhreise a ghnóthaigh mé.’

21. Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis faoi bheagán, cuirfidh mé os cionn móráin thú; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’

22. Agus an té a raibh dhá thallann aige, tháinig seisean chun tosaigh, á rá, ‘A mháistir, thug tú dhá thallann dom; seo an dá thallann bhreise atá gnóthaithe agam.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 25