38. Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc,
39. agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine.
40. Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine.
41. Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile.
42. Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna.
43. Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé d'aon duine briseadh isteach ina theach.
44. Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.
45. “Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir?
46. Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé.
47. Deirim go fírinneach libh go gcuirfidh sé cúram a mhaoine uile air.
48. Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’
49. agus má théann sé ag bualadh a chomhsheirbhíseach agus ag ithe agus ag ól i gcuideachta na bpótairí,
50. tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd i lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus ar uair nach bhfuil súil aige leis,