Tiomna Nua

Matha 24:3-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?”

4. Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh.

5. Mar is iomaí duine a thiocfas i m'ainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán.

6. Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós.

7. Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla:

8. ach níl san iomlán ach tosach an anró.

9. “San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar m'ainmse.

10. Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile.

11. Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán.

12. Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine.

13. Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar.

14. Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.

15. “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),

16. teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;

17. an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;

18. agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil.

19. Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 24