Tiomna Nua

Matha 24:13-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar.

14. Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.

15. “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),

16. teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte;

17. an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis;

18. agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil.

19. Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd!

20. Bígí ag guí nach mbeidh oraibh teitheadh sa gheimhreadh nó lá na sabóide.

21. Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche.

22. Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa.

23. San am úd má deir aon duine libh, ‘Seo é an Críost!’ nó, ‘Siúd ansin é!’ ná creidigí uathu é.

24. Mar éireoidh Críosta bréige agus fáithe bréige agus taispeánfaidh siad comharthaí agus iontais mhóra, sa tslí go meallfaidh siad, dá mb'fhéidir é, go fiú an dream tofa.

25. Féachaigí, tá sé uile inste agam roimh ré.

26. Mar sin, má deir siad libh, go bhfuil sé ar an bhfásach amuigh, ná himígí; nó má deir siad go bhfuil sé sna seomraí istigh, ná creidigí uathu é.

27. Ó mar a thagann an splanc thintrí anoir agus mar a shroicheann a soilse an domhan thiar, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 24