Tiomna Nua

Matha 23:21-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

21. agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;

22. agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.

23. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.

24. A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!

25. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos.

26. A Fhairiséacha dalla, glan an taobh istigh den chupán agus den phláta an chéad uair, ionas go mbeidh an taobh amuigh glan freisin.

27. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, lucht na cráifeachta bréige! mar tá sibh mar thuamaí atá nite le haol, a mbíonn cuma álainn orthu ar an taobh amuigh, ach a bhfuil an taobh istigh lán de chnámha marbhán agus den uile chineál salachair.

28. Bíonn cuma na fíréantachta oraibhse mar sin ar an taobh amuigh os comhair na ndaoine, ach ar an taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus den éagóir.

29. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe agus maisíonn sibh leachta cuimhneacháin na bhfear fíréan,

30. agus is é a deir sibh, ‘Dá mairimis i laethanta na n‑aithreacha, ní bheimis páirteach leo i ndoirteadh fhuil na bhfáithe.’

31. Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe.

32. Líonaigí go bruach, mar sin, miosúr bhur n‑aithreacha.

33. A phéisteanna, a áil nathracha nimhe, conas a éalóidh sibh ó dhaoradh chun ifrinn?

34. Dá bhrí sin de, cuirim chugaibh fáithe agus saoithe agus scríobhaithe, agus maróidh sibh agus céasfaidh sibh cuid acu, agus tá cuid acu a mbeidh sibh á sciúrsáil in bhur sionagóga agus á ngéarleanúint ó bhaile go baile,

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 23