10. Agus ná glaoítear máistir oraibh, mar níl agaibh ach an t‑aon mháistir amháin, an Críost.
11. An té is mó oraibh beidh sé ina sheirbhíseach agaibh;
12. an té a ardaíos é féin ísleofar é, agus an té a íslíos é féin ardófar é.
13. “Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach.
15. Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin.
16. “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.
17. A amadána na daille! Cé acu is mó, an t‑ór nó an teampall a naomhaigh an t‑ór?
18. Agus is é a deir sibh, ‘Má thugann duine móid ar an altóir, níl aon ní ráite aige; ach má thugann aon duine móid ar an tabhartas atá ar an altóir, tá sé faoi cheangal a mhóide’.
19. A lucht na daille! Cé acu is mó, an tabhartas nó an altóir a naomhaíos an tabhartas sin?
20. Mar sin an té a thugas an altóir mar mhóid tugann sé í agus a bhfuil uirthi;
21. agus an té a thugas móid ar an teampall, tugann sé é agus an té a chónaíos ann mar mhóid;
22. agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid.
23. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh deachú den mhismín agus den lus mín agus den chuimin, agus tá neamart déanta agaibh sna nithe ar mhó a dtábhacht sa dlí, den chóir agus den trócaire agus den fhírinne; arbh é bhur gceart iad a chur i ngníomh, gan neamart a dhéanamh sa chuid eile.
24. A threoraithe na daille, a scagann amach an mhíoltóg agus a alpas síos an camall!
25. “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar glanann sibh an taobh amuigh den chupán agus den phláta, agus bíonn an taobh istigh lán de shaint agus de chraos.