Tiomna Nua

Matha 22:3-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. agus a chuir a sheirbhísigh uaidh a ghlaoch ar an lucht a fuair cuirí chun na bainise; ach níor thoiligh siad teacht.

4. Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’

5. Ach rinne siad a bheag de agus d'imigh leo, duine chun a fheirme, nó duine chun a chuid earraí,

6. agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad.

7. Bhí fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí uaidh gur scríos siad na dúnmharfóirí úd agus gur loisc siad a gcathairsean.

8. Dúirt sé ansin lena sheirbhísigh, ‘Tá an bhainis ullamh, ach níorbh fhiú an dream a fuair na cuirí í.

9. Imigí mar sin chun na mbealaí móra, agus tugaigí cuireadh chun na bainise dá dtarlaíonn oraibh.’

10. Agus chuaigh na seirbhísigh úd amach faoi na sráideanna agus bhailigh siad leo ar tharla siad orthu, idir mhaith agus olc; gur líonadh an halla ar comóradh an bhainis ann d'aíonna.

11. “Ach nuair a tháinig an rí isteach le hamharc a fháil ar na haíonna, chonaic sé fear amháin nach raibh culaith bhainise air;

12. agus d'fhiafraigh sé de, ‘A chara, conas a tháinig tú isteach anseo gan culaith bhainise ort?’ Agus níor fhan focal aige.

13. dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’

14. Mar is iomaí duine a fhaigheann cuireadh ach is beag duine a thoghtar.”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 22