Tiomna Nua

Matha 22:28-45 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. In am an aiséirithe mar sin, cé acu den seachtar a mbeidh sí mar bhanchéile aige? Mar bhí sí acu uile go léir.”

29. Ach d'fhreagair Íosa iad, “Tá dul amú oraibh, ó nach eol daoibh an scrioptúr ná cumhachtaí Dé.

30. Mar san aiséirí ní bhíonn pósadh ná cleamhnas ann, ach bíonn siad mar aingil i bhflaitheas Dé.

31. Agus i dtaca le haiséirí na marbh, nár léigh sibh an ní a dúirt Dia libh,

32. ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.’? Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”

33. Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc.

34. Ach nuair a chuala na Fairiséigh gur chuir sé na Sadúcéigh ina dtost, tháinig siadsan le chéile.

35. Agus d'fhiafraigh duine acu, a bhí ina dhlíodóir, ceist de, le féachaint a chur air.

36. “A Oide, cad í an aithne is mó sa dlí?”

37. Agus dúirt sé leis, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile agus le d'anam uile, agus le d'intinn uile.

38. Is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne.

39. Agus tá an dara haithne ar aon dul léi, Gráigh do chomharsa mar tú féin.

40. Is ar an dá aithne seo atá an dlí uile agus na fáithe bunaithe.”

41. Anois nuair a bhí na Fairiséigh cruinn le chéile, chuir Íosa ceist orthu,

42. agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cad é bhur mbarúil i dtaobh an Chríost? Cé leis é?” “Mac Dháibhí,” ar siadsan leis.

43. Ar seisean leo, “Conas mar sin a ghaireann Dáibhí Tiarna de, agus é faoi anáil an Spioraid, mar deir sé,

44. ‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa,suigh ar mo láimh dheas,go gcuire mé do naimhde faoi do chosa’?

45. Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 22