Tiomna Nua

Matha 22:19-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Taispeáin dom airgead na cánach.” Agus tugadh bonn airgid chuige.

20. Agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn seo?”

21. “Le Caesar,” ar siadsan. Ar seisean leo ansin, “Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”

22. Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus d'fhág siad é agus d'imigh leo.

23. An lá céanna tháinig Sadúcéigh chuige, dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus chuir siad ceist air,

24. agus dúirt siad leis, “A Oide, dúirt Maois, ‘Má fhaigheann fear bás gan clann a bheith aige, caithfidh a dheartháir an bhaintreach a phósadh, agus clann a sholáthar dá dheartháir.’

25. Anois bhí seachtar deartháir inár measc; agus phós an chéad deartháir agus fuair sé bás, agus ó nach raibh aon chlann aige d'fhág sé a bhanchéile dá dheartháir.

26. Mar an gcéanna don dara agus don tríú duine, agus anuas go dtí an seachtú duine.

27. Agus ina dhiaidh sin uile, fuair an bhean bás.

28. In am an aiséirithe mar sin, cé acu den seachtar a mbeidh sí mar bhanchéile aige? Mar bhí sí acu uile go léir.”

29. Ach d'fhreagair Íosa iad, “Tá dul amú oraibh, ó nach eol daoibh an scrioptúr ná cumhachtaí Dé.

30. Mar san aiséirí ní bhíonn pósadh ná cleamhnas ann, ach bíonn siad mar aingil i bhflaitheas Dé.

31. Agus i dtaca le haiséirí na marbh, nár léigh sibh an ní a dúirt Dia libh,

32. ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib.’? Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”

33. Agus nuair a chuala an slua é, bhí iontas orthu faoina theagasc.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 22