Tiomna Nua

Matha 22:11-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. “Ach nuair a tháinig an rí isteach le hamharc a fháil ar na haíonna, chonaic sé fear amháin nach raibh culaith bhainise air;

12. agus d'fhiafraigh sé de, ‘A chara, conas a tháinig tú isteach anseo gan culaith bhainise ort?’ Agus níor fhan focal aige.

13. dúirt an rí ansin leis an lucht freastail, ‘Cuirigí ceangal na gcúig gcaol air, agus caithigí amach é sa dorchadas amuigh; is ansin a bheifear ag caoí agus ag díoscán fiacla.’

14. Mar is iomaí duine a fhaigheann cuireadh ach is beag duine a thoghtar.”

15. Chuaigh na Fairiséigh ansin i gcomhairle faoi conas a chuirfí in achrann é ina chaint.

16. Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine.

17. Inis dúinn mar sin do bharúil. An dleathach cáin a íoc le Caesar, nó an bhfuil sé crosta orainn?”

18. Ach ó ba léir d'Íosa an mírún a bhí ina gcroíthe, dúirt sé, “Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachaint orm, a lucht na fimíneachta?

19. Taispeáin dom airgead na cánach.” Agus tugadh bonn airgid chuige.

20. Agus d'fhiafraigh Íosa díobh, “Cé leis an íomhá agus an inscríbhinn seo?”

21. “Le Caesar,” ar siadsan. Ar seisean leo ansin, “Tugaigí do Chaesar a bhfuil le Caesar, agus tugaigí do Dhia a bhfuil le Dia.”

22. Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus d'fhág siad é agus d'imigh leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 22