5. “Inis d'iníon Shíóin,féach, tá do rí-se ag teacht chugat,go huiríseal, agus é ag marcaíocht ar asal,agus ar shearrach óg asail.”
6. Chuaigh na deisceabail agus rinne siad mar a bhí ordaithe ag Íosa dóibh;
7. thug siad leo an t‑asal agus an searrach, agus chuir siad a mbaill éadaigh orthu, agus shuigh sé orthu.
8. Leath bunús an tslua a mbaill éadaigh ar an mbóthar, agus ghearr daoine eile craobhacha as na crainn agus leath siad ar an mbóthar iad.
9. Agus na sluaite a bhí ag dul roimhe agus ag teacht ina dhiaidh, lig siad an gháir seo astu, “Hósanna do Mhac Dháibhí! Is beannaithe an té a thagas in ainm an Tiarna. Hósanna in airdí na bhflaitheas.”
10. Agus nuair a chuaigh sé isteach go hlarúsailéim, bhí corraí faoi lucht uile na cathrach, agus d'fhiafraigh siad, “Cé hé seo?”
11. Agus ba é a dúirt na sluaite, “Is é seo an fáidh Íosa ó Nasair na Galailí.”
12. Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm.
13. Is é a dúirt sé leo, “Is é atá scríofa, ‘Gairfear teach urnaí de mo theachsa’; ach tá uaimh gadaithe déanta agaibhse de.”
14. Agus tháinig na bacaigh agus na daill chuige sa teampall, agus leigheas sé iad.
15. Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;